Cruise to Cabo and Ensenada...Mhair m'athair críonna in aontíos linn. Mícheál Ó Guithin ab ainm dó san. Bhí sé siúd ana-cheanúil ormsa. Mhair sé go dtí go raibh sé aon bhliain déag agus cheithre fichid, agus ní cás dom a rá gur thug sé aon bhliain déag acu san dall, slán mo chomhartha. Ní raibh aon ní aige chun an t-am a chaitheamh, ach ag cur an lá leis an oíche agus an oíche leis an lá, suite cois na tine ag duanaireacht agus ag scéalaíocht. Bhínn ag éisteacht leis, agus bhí na scéalta ag dul i bhfeidhm orm.
No comments:
Post a Comment